SULT – Mór-fhéile cheoil, amhránaíochta, damhsa agus chultúrtha (17ú,18ú & 19ú Aibreán 2009)  

Is dlúthchuid lárnach don fhéile nua Sult iad na ceardlanna ceoil do dhaoine óga. Beidh scoth na gceoltóirí náisiúnta páirteach i Sult agus beidh deis ag pobal Chonamara mór-fhéile ceoil a bhlaiseadh ina gceantar féin don chéad uair. Beidh sé i gceist ceolchoirm mhór, scoraíocht agus go leor seisiúin cheoil a eagrú mar chuid den fhéile. Beidh sé i gceist sraith cheardlanna do dhaoine óga idir 7bl agus 16bl a chur ar fáil le linn na féile ‘Sult’. Seo a leanas na ceardlanna atá i gceist:

Emmett Gill

 

Bosca Ceoil - P.J. Ó hIarnáin

As Carna i gConamara, is deartháir é PJ leis na ceoltóirí Marcus agus Seán Ó hIarnáin Seinneann PJ an bosca ceoil agus mileoidean.

Feadóg Mhór – Marcus Ó hIarnáin

Rugadh agus tógadh Marcus i Roisín na Mainiach i gCarna, Conamara. Mhúin sé an fhliúit dó féin agus seinneann sé ceol traidisiúnta. Tá seacht gCraobh Uile-Éireann buaite aige go dtí seo.

Damhsa – Máire Áine Ní Iarnáin

Is as Leitir Calaidh, Leitir Móir í Mháire Áine Ní Iarnáin, agus cé go bhfuil sí fós sách óg, is damhsóir clúiteach í le cúlra aitheanta mar bhuaiteoir uile Éireann. Tá aithne mhaith uirthi mar go gcuireann sí stíl Chonamara chun cinn sa damhsa ar an sean-nós i mBaile Átha Cliath agus tá sí aitheanta mar dhuine de na damhsóirí sean-nóis is fearr in Éirinn.

Amhránaíocht Sean-nóis – Máire Pheter

Is ón Spidéal ó dhúchas do Máire agus deir sí gurb í a máthair Máire Nic an Ríogh ón nGleann Mór ar an gCeathrú Rua a mhúscail a suim sna hamhráin. I measc na n-amhránaithe eile a raibh tionchar acu uirthi luann sí go hairithe Máire Cholmáin Nic Dhonncha, Máire Áine Nic Dhonncha, Pat Phádraig Tom Ó Conghaile and Máirtín Phatch Ó Cualáin chomh maith le Seán Mac Donncha agus Seosamh Ó hÉanaí.

Cé go bhfuil sí amhrasach mar gheall ar an róbhéim ar chomórtais an tsean-nóis, tá comórtas na mban ag an Oireachtas buaite aici agus tháinig sí sa dara háit i gCorn Uí Riada, an príomhdhuais do amhránaíocht ar an sean-nós sa lá atá inniu ann.

Mar aitheantas ar a tionchar ar an traidisiún beo mar sheinnteoir agus mar mhúinteoir bronnadh Gradam Sean-nóis Chois Life ar Mháire sa bhliain 2004.

Tá taithí forleathan ag Máire mar aisteoir stáitse agus ar an scáileán agus tá sí b’fhéidir níos aitheanta do lucht féachana teilifíse ina páirt mar Mháire an siopadóir béalchráifeach i Ros na Rún.

Le seacht mbliana déag anuas tá Máire ag múineadh sa Ghaelacadamh. Tá sí ag múineadh amhrán ar an sean-nós do phaistí chomh maith le bheith dá spreagadh agus ag tabhairt misneach dóibh páirt a ghlacadh i gcomórtais éagsúla. Tá go leor duaiseanna bainte amach ag a cuid daltaí thar na mblianta san Oireachtas agus ag fleadhanna ceoil.

Bodhrán – Johnny Ringo Mc Donagh

Is as Conamara é Johnny Ringo. Tá clú agus cáil air toisc go raibh sé mar bhall den ghrúpa ‘Dé Danann’ agus tar éis sin an ghrúpa ‘Arcady’. Is é Johnny duine de na seinnteoirí is fearr ar an mbodhrán agus is é an chéad duine riamh chun an bodhrán a sheinm le scuab agus an bodhrán á tiúnadh.

Seo tuilleadh do na ceoltóirí/fonnadóirí atá ag teacht chuig an bhféile:

Johnny Connolly

Rugadh Johnny in Inis Bearacháin i gConamara. Seinneann sé an mileoidean agus an bosca ceoil. Thosaigh sé ag seinm an mhileoidin nuair a bhí sé timpeall naoi mbliana d’aois. Rí an Mhileoidin a thugtar air. Ríleanna, poirt, cornphíopaí, válsaí agus polcaí á bhíonn á seinm aige.

Johnny Connolly was born off the coast of Connemara on Inis Bearacháin. He plays the melodeon and the accordion. Johnny started playing the melodeon when he was around nine years of age and he is often referred to as the King of the melodeon. He play’s reels, jigs, walzes and polkas.

Damien O Reilly

Rugadh Damien i gCo. an Chláir agus thosaigh sé ag seinm an bhosca ceoil ag naoi mbliana d’aois. Bhain sé taitneamh as roinnt blianta ag seinm leis an ngrúpa Inis Óg Céilí agus bhuaigh sé go leor dámhachtain. Bhí ard-thionchar ag ceol na fidle agus ag ceol traidisiúnta an Chláir ar Damien agus tá sé seo á léiriú ina stíl.

Damien O’Reilly hails from Corofin Co. Clare. He began playing the accordion at the age of nine and he enjoyed many years with the Inis Óg Céilí Band, winning numerous All-Ireland titles.
Growing up, Damien was heavily influenced by the North Clare tradition which reflects his current style. Fiddle music had a strong effect on his music, Damien’s music has brought him all over Europe.

Mick Conneely

Is as Bedford i Sasana é Mick ach rugadh a thuismitheoirí i Co. na Gaillimhe agus Co. Longfoirt. Thosaigh sé ag seinm ceoil nuair nach raibh sé ach aon bhliain déag d’aois. Seinneann sé an fidil sa stíl traidisiúnta.

Mick was born in Bedford England but his parents hail from Galway and Longford. He started playing music when he was only eleven years of age, he plays the fiddle in the traditional Irish style.

Noel Ryan

Rugadh is tógadh Noel i dTiobraid Árann. Tagann sé ó chúlra ceolmhar agus bhí Noel ag seinm an guitar ó aois an-óg ar fad. Tá sé mar bhall den ghrúpa Danú ó 1998.

Noel is a native of Tour in Co. Tipperary. He comes from a very musical background and has been playing the guitar from an early age. He has been a member of the group Danú since 1998.

Derek Hickey

Is as Áth Dara é Derek Hickey. Thosaigh sé a slí bheatha ceoil ag seinm an bosca ceoil i 1995 nuair a thosaigh sé ag seinm leis an ngrúpa De Danann.

Originally from Adare, Derek started his career playing the accordion with the traditional Irish group De Danann in 1995.

Peter Carberry

As Halla i gCo. Longfoirt is ea Peter Carberry. Seinneann sé an bosca ceoil agus an bainseó. Bhí a mhuintir sáite i gceol tradisiúinta na hÉireann, lena hathair Kevin ag seinm an bainseó agus a uncail Kevin ina phíobaire. Anois tá a iníon Angelina ag leanúint a hathair. Tá Peter ina chónaí i gCo. na Gaillimhe faoin am seo.

Peter Carberry is originally from Holla Co. Longford. He plays the accordion and the banjo. Growing up in Holla Peter and his family were completely immersed in traditional Irish music; his father Kevin was a banjo player and his uncle Kevin was an experienced uilleann piper. Now his daughter Angelina is following in her fathers footsteps. Peter is currently living in Co. Galway.

Angelina Carberry

Is iníon í Angelina Carberry le Peter Carberry, an seinnteoir bainseó agus an boscadóir cáiliúil. Rugadh í i Manchester agus bhí tionchar mór ag ceol a athair, a huncail Kevin agus a sean-athair Kevin uirthi. Thosaigh sí ag seinm na feadóige stáin ar dtús agus ansin chuaigh sí ar aghaidh chun an bainseó a sheinm. Bhog sí go Co. na Gaillimhe i 1998 agus gan mórán achair bhí slí bheatha sa cheol bainte amach aici anseo.

Angelina is a daughter of the famous banjo and accordion player Peter Carberry. Born in Manchester, the musical talents of her father Peter, her Grandfather Kevin and her uncle Kevin had a great impact on Angelina. She started playing the tin whistle first and quickly moved on to playing the banjo. Angelina moved to Co. Galway in 1998 where she quickly established a musical career for herself.

Holly Geraghty

As Baile an Daighin i gCo. Mhaigh Eo do Holly. Thosaigh sí ag seinm an chonsairtín ag sé mbliana d’aois mar a mhúin a máthair, Bernie Geraghty, di, atá ina ceoltóir agus múinteoir cáiliúil. Ag aon bhliain déag d’aois thosaigh sí ag seinm na cláirsí.

Go luath d'aimsigh sí a stíl féin agus thug sí camchuairt timpeall Meiriceá, Ceanada agus na Breataine le Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Fuair sí neart duaiseanna, ina measc sin duaiseanna sinsireacha ar an gconsairtín agus ar an gcláirseach ag Fleadh Ceoil na hÉireann.

Sa bhliain 2001 bhog sí go Corcaigh chun staidéar a dhéanamh ar an gceol in Ollscoil Chorcaigh. Bronnadh an iliomad dámhachtain uirthi agus bhain sí céim onórach amach ó Ollscoil Chorcaigh. Bronnadh an TTCT uirthi i gcomhair múineadh an chonsairtín. I 2005 bhog sí go Luimneach chun céim a bhaint amach in oideachais ceoil agus bronnadh céim onórach uirthi ansin freisin. Tá sí ina cláirseoir cónaitheach in Ollscoil Chorcaigh ó 2006 agus in Ollscoil Luimnigh ó 2007.

Holly Geraghty hails from Ballindine Co. Mayo. At just six years of age Holly began to play the concertina, taught by her mother Bernie Geraghty, a renowned musician and teacher and at the age of eleven years Holly began to play the Irish harp.

Holly quickly developed her own musical style, resulting in her touring Britain, Canada and North America with Comhaltas Ceoltóirí Éireann. She holds several all Ireland honors including the Senior concertina title (2002) and the Senior Irish harp title (2001) at Fleadh Cheoil na hÉireann.

In 2001 Holly moved to Cork to study music in UCC and was awarded several prestigious awards including the Seán Ó Riada memorial prize (2005), Wesleyan Ethnomusicology scholarship (2003), Doc Gleeson Award (2002) and Comhaltas Ceoltoiri Eireann scholarship (2001). She graduated with a first class honor from UCC. Holly was also awarded the TTCT (Teastas i dTeagasc Ceolta Tire) diploma for teaching the concertina at advanced level by Comhaltas Ceoltóirí Éireann and the Department of Education and Science in 2003. In 2005 Holly moved to Limerick to undertake a graduate diploma in music education in UL and graduated with a first class honor. Since 2006 Holly has been the resident harp teacher in UCC. In 2007 Holly also became the resident harp teacher in UL.  

Jesse Smith

Cosúil le roinnt ceoltóirí traidisiúnta cáiliúla, rugadh Jesse Smith i Meiriceá de shliocht Éireannach. Thosaigh Jesse ag seinm na fidle i Meiriceá agus roinnt blianta ina dhiaidh sin bhog sé go hÉirinn is tá sé ina chónaí anseo faoi láthair. Bhí Jesse ina bhall den ghrúpa tradisiúnta Danú, ag tosnú leo i 1998. Bhí tionchar mór ag a mháthair cheolmhar Donna Long a bhíonn ag casadh an phianó air .

Like many well renowned traditional Irish musicians, Jesse Smith was born in America of Irish descendants. Jesse started playing the fiddle in the states and some years ago he moved to Ireland where he now resides. Jesse was a member of the famous traditional Irish group Danú for numerous years, starting out with them in 1998. He was greatly influenced by his musical mother Donna Long, who plays the piano.

Colm Gannon

Rugadh Colm Gannon i mBostún Mheiriceá ach is as Conamara iad a thuismitheoirí. Sa bhliain 1994 bhuaigh sé comórtas na hÉireann ag seinm an bhosca ceoil. Chuaigh sé ag seinm le Riverdance ar feadh ceithre bhliana. Bíonn Colm ag fanacht i gConmara anois, fhad is nach mbíonn sé ag dul timpeall Meiriceá agus na hÉireann ag casadh ceoil.

Colm Gannon was born in Boston in the USA but his parents are natives of Droim in Connemara. In 1994 he won the All-Ireland button accordion competition and several years after he went touring with Riverdance for four years. When Colm is not touring around Ireland and the United States he is living at home in his parents home of Connemara.

Suíomh: www.colmgannon.com

Emmett Gill

Rugadh Emmett i Londain i 1976. Thosaigh sé ag seinm na píobaí i 1986 agus d’fhoghlaim sé ag an London Pipers Club i gCamden Town Londain. Chuaigh roinnt rudaí i bhfeidhm air, ina measc sin pobal an cheoil Éireannaigh i Londain, Scoil Samhraidh Willie Clancy i Sráid na Cathrach agus na cuairteanna a thug sé ar thionóil éagsúla in Éirinn go minic . Bhog sé go Béal Feirste i 1994 chun staidéir a dhéanamh agus i 2000 bhog sé go Gaillimh. Seinneann Emmett dhá saghas píobaí, concert pitch agus three quarter set.

Gill was born in London in 1976. He started playing the pipes in 1983 and was taught at the London Pipers Club in the Irish Centre, Camden Town. The vibrant Irish music scene in London and visits to various Tionóil in Ireland and the Willie Clancy Summer School in Miltown Malbay were all a great influence on his piping. He moved to Belfast in 1994 to study and in 2000 Emmett moved to Galway. He plays two sets of pipes, a concert pitch set and a three quarter set.

Harry Bradley

Rugadh Harry i mBéal Feirste i 1974. Seinneann sé na píobaí uilleann agus tá sé ina bhall de Bhord Stiúrtha na bPíobairí Uilleann. Chuir sé suim sa cheol traidisiúnta tríd thaifeadtaí agus chaitheadh sé a chuid saoire i gCo. an Dúin agus é óg agus nuair a raibh grúpa beag ceoltóirí fós ann a bhí sáite go domhain sa traidisiúin ceoil áitiúil. Bhí tionchar mór ag ceol na 1920í agus na 1930í ar a stíl phearsanta féin. Tá cónaí ar Harry anois i mBaile Átha Cliath agus tá sé ag obair i gceanncheathrú na bPíobairí Uilleann ansin.

Harry was born in South Belfast in 1974. He discovered Irish traditional music through popular recordings of it and was encouraged by childhood holidays in rural Co. Down where there were a small group of musicians still involved in local musical traditions. The style from the 1920s and 30s has had a huge influence on his own playing style.

Harry now lives in Dublin where he works at Na Píobairí Uilleann headquarters. He is also a dedicated Uilleann piper and has served as a member of the board of directors of Na Píobairí Uilleann.  

Nan Tom Taimín

Is amhránaí cáiliúil í Nan as Roisín na Mainiach i gConamara. Bhuaigh sí Corn Uí Riada faoi dhó i 1998 agus i 2000. Thug sí camchuairt timpeall Meiriceá, na hÚcráine agus roinnt tíortha eile. I 2004 roghnaíodh Nan mar Bhan-Ealaíontóir na Blaina ag na Live Ireland Awards.

Nan is a well known Singer from Carna, Connemara. She has twice been a winner of the Corn Uí Riada, firstly in 1998 and again in 2000. She has toured America, Ukraine, and many other countries. In 2004 Nan was voted “Female artist of the year”, on the Live Ireland Awards.

John Blake

Ag an am seo tá cónaí ar John i gCo. na Gaillimhe. Tógadh é i Londain, áit a raibh baint aige leis an bpobail rathúil ceoil agus d’fhoghlaim sé an fheadóg mhór ó Brendan Mulkere. Casann sé go minic ag feiseanna ceoil idirnáisiúnta agus bhíodh sé páirteach sa ghrúpa Tiada agus At The Racket. Chomh maith leis an bhfeadóg, bíonn sé ag seinm an phianó agus an ghiotáir.  

Currently residing in Co. Galway, multi-instrumentalist John Blake was brought up in
London's thriving music scene, where he learned to play the Irish wooden flute from Brendan Mulkere. He is a regular performer at international music festivals and has been featured in the groups Tiada and At The Racket. John has also been known to play the guitar and the piano.

Joe Neachtain

As Conamara do Sheosamh Ó Neachtain. Tá clú agus cáil air timpeall na tíre agus fiú timpeall an domhain, mar dhamhsóir sean-nóis iontach. Tá cónaí ar Sheosamh sa Spidéal i gCo. na Gaillimhe.

A native of Connemara, Joe is a well renowned dancer in the traditional Irish sean-nos style. Joe is living in Spiddal Co. Galway.

Paddy Kerr

As Co. Shligeach é Paddy Kerr agus tá cónaí air anois i gCo. na Gaillimhe. Bhíodh sé ina bhall den ghrúpa Cian is seinneann Paddy an bodhrán, an giotár agus an basúcaí.

Originally from Newcastle Co. Sligo, Paddy Kerr is a traditional Irish musician. He is now based in Co. Galway. A former member of the traditional Irish group Cian, Paddy is an experienced guitar, bodhrán and bouzouki player.

Kelly Geraghty

Tagann Kelly Geraghty as clann an-cheolmhar ar fad. Is iníon í Kelly leis an seinnteoir cáiliúil Bernie Geraghty agus is deirfiúr í leis an gceoltóir iontach Holly Geraghty. As Co. Mhaigh Eo í.

A daughter of the famous concertina player Bernie Geraghty and a sister of the musician Holly Geraghty, Kelly has come from very musical roots. Kelly is herself, from Co. Mayo.

Bernie Geraghty

Tá clú agus cáil ar Bhernie Geraghty mar seinnteoir den scoth ar an gconsairtín. Is múinteoir í as Baile an Daighin i gContae Maigh Eo. Tá bua an cheoil anois ag a beirt iníon Holly agus Kelly Geraghty.

Bernie Geraghty hails from Ballindine Co. Mayo. She is a well renowned musician and teacher. Bernie is an experienced concertina player and she has passed on her talents to her musically talented daughters Holly and Kelly Geraghty.

Tony O Connell

Tagann Tony as An Ghleann i gCo. Luimneach. Thosaigh sé ag seinm ceoil nuair a bhí sé an-óg ar fad. Lean sé ar aghaidh agus bhuaigh sé idir dámhachtain shóisearacha agus shinsearacha sula raibh sé ocht mbliana déag d’aois. Thug sé camchuairt timpeall Meiriceá, na hEorpa agus na hÁise. Faoi láthair tá cónaí ar Tony i gCathair Luimnigh agus bíonn sé ag seinm ann go rialta. Múineann sé an consairtín ag an IWMC in Ollscoil Luimnigh.

Tony originally comes from the town of Glin in Co. Limerick. He began playing music at an early age and went on to win both junior and senior all Ireland titles by the age of 18. In the past few years he has toured Asia, America and Europe with various shows and groups. Currently Tony is living in Limerick city where he performs on a regular basis. Tony also teaches concertina at the IWMC in the University of Limerick.