Sult – Féile sna réimsí ealaíon traidisiúnta, le ceol, amhránaíocht,
damhsa, scoraíocht agus imeachtaí cultúrtha
Tá Ceantar na nOileán suite in iardheisceart Chonamara, é comhdhéanta de phobail as cúig oileáin atá ceangailte le droichead don mhórthír. Is é an ceantar is láidre Gaeltachta sa tír é. Le blianta fada anuas, tá cáil an cheantair bunaithe ar chúrsaí na mara, seoltóireacht thraidisiúnta agus rásaí curachaí. Is as an taobh seo tíre a tháinig na báid mhóra thraidisiúnta agus go deimhin na laochra iomraimh. Bhí ceol maith sa cheantar freisin, go mór mór na boscadóirí agus ar ndóigh tá cáil mhór ar Sheán Mac Donncha (Seáinín Phat Mhyle) ,Johnny Connolly (as Inis Bearacháin), Johnny Gannon(as An Droim) agus Sonny Choilm Learaí Ó Conghaile(as Corra Bhuí, Leitir Mealláin) ar an ngleas ceoil áirid seo. Tá an ceantar freisin cáiliúil ó thaobh fonnadóirí sean-nóis de (Máirín Uí Chéidigh, Mairéad Ní Oistín, Máirtín Tom Sheáinín, Stiofán Phádraig Staff Ó Cualáin, Michéal Seoighe-buaiteoirí Chorn Uí Riada) agus go deimhin damhsóirí sean-nóis den scoth.
Tá Muintearas lonnaithe sa cheantar seo ó 1980. Tá muid ag plé le cúrsaí oiliúna, oideachais agus cúrsaí forbartha pobail sna ceantair éagsúla Gaeltachta faoi láthair agus fhoireann de 73 againn. Tá ar gceannáras i gCeantar na nOileán agus ba mhaith linn ócáid mhór a bhunú sa cheantar ag déanamh comóradh agus mórtas as saibhreas cultúrtha an cheantair as ar fáisceadh muid. Ní raibh, agus níl fós, aon mhór-ócáid ceoil nó amhránaíochta sa cheantar. Ba bhreá linn dá bhrí sin “Sult” a eagrú mar fhéile ceoil náisiúnta i gCeantar na nOileáin. Ba mhaith linn scoth na gceoltóirí, fonnadóirí agus damhsóirí le cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta a mhealladh go dtí an ceantar seo ón 16ú go dtí an 19ú Aibreán 2009, ar mhaithe le féile mhór a eagrú ag ceiliúradh oidhreacht chultúrtha agus ealaíon an cheantair. Beidh na himeachtaí seo a leanas mar phríomh-chodanna den fhéile atá beartaithe.
Ceardlanna:
Ceardlanna ceoil, amhránaíochta sean-nóis agus damhsa sean-nóis do dhaoine óga. Tá seacht gceardlann éagsúil i gceist agus beidh muid ag mealladh daoine óga agus a dtuismitheoirí as ceantair ar fud na tíre le freastal a dhéanamh ar na ceardlanna seo. Tá scoth na n-ealaíontóirí faighte le bheith freagrach as na ceardlanna. Cuirfear dianchúrsa Gaeilge ar fáil do thuismitheoirí le linn dá ngasúir a bheith ag na ceardlanna, más mian leo.
Ceolchoirm mhór:
Tá sé i gceist againn ceolchoirm an-mhór a eagrú san Oíche Satharn, 18ú Aibreán 2009, le ar a laghad 30 fonnadóir, ceoltóir agus damhsóir den scoth ar an ardán. Beidh cuid de na healaíontóirí seo ag plé leis na ceardlanna agus tabharfaidh sé seo deis do thuismitheoirí, daoine óga agus go deimhin an pobail i gcoitinne blaiseadh den sár-chaighdeán ealaíne atá ag na daoine seo i dtaispeántas beo.
Seisiún sna Tithe Tábhairne:
Is é an ceol tíre is mó atá in uachtar sa cheantar áirid seo. Bíonn amhráin Bhéarla le cloisteáil chomh minic céanna, sin nó leaganacha Gaeilge d'amhráin cheol tíre. Ba bhreá linn, dá bhrí sin, seisiúin den scoth a chur ar fáil sna tithe tábhairne (péire ar a laghad i ngach uile teach tábhairne sa cheantar) le go bhfeicfí feabhas an cheoil thraidisiúnta ina dtaispeántais bheo á chur trasna ag scoth na gceoltóirí. Beidh seisiúin amhránaíochta sean-nóis agus damhsa sean nóis i gceist freisin sna tithe tábhairne. Is deis dúinn atá anseo, léiriú a dhéanamh ar an tábhacht agus an taitneamh a bhaineann leis an gceol, amhránaíocht agus damhsa traidisiúnta.
Sin den chuid is mó na himeachtaí atá i gceist. Beidh céilí mór á eagrú agus scoraíocht den scoth á léiriú ar a bhfuil déagóirí an cheantair ag obair ar faoi láthair faoi stiúir ealaíontóirí den scoth. Beidh sé i gceist léacht nó dhó ar ábhair a bhaineann le ceol agus amhránaíocht a eagrú freisin.