SULT
Is é an bhrí atá leis an bhfocal Sult ná sásamh, pléisiúr agus greann. Tógann an fhéile seo a fealsúnacht díreach ón fhocal agus is ceiliúradh í ar thraidisiún agus chultúr atá le fáil i gCeantar na nOileán agus i gConamara leis na blianta. Beidh an fhéile seo a siúl ar feadh chúig lá. Is ócáid í a bheidh ag cur béime níos mó ar shult don sean is don óg ná ar chomórtas. Freisin, beidh cúrsa Gaeilge trí lá againn a bheidh dírithe ar fheabhas a chur ar do chuid Ghaeilge, in atmaisféar suaimhneach sultmhar. Is féile é Sult a thabharfaidh na ceoltóirí, amhránaithe, fonnadóirí & damhsóirí is mó le rá in Éirinn le chéile. Tá an clár lán le ceardlanna ceoil, coirmeacha ceoil, céilíthe, seisiúin cheoil agus craic. Mar chuid de na himeachtaí beidh go leor de na healaíontóirí agus scéalaithe ag teacht le chéile le ceoltóirí agus damhsóirí as gach cheard den tír.
Tá Muintearas ag comhordnú agus ag eagrú na hócáide le go mbainfidh gach a bheas i láthair sult as an gceiliúradh.